Contact Us | Teagmháil

Get in touch with questions or comments through any of the channels below. We look forward to hearing from you.
Bí i dteagmháil linn le do chuid ceisteanna nó moltaí trí cheann ar bith de na bealaí thíos. Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Is féidir teachtaireacht dhíreach a sheoladh chugainn ag tascfhorsa@udaras.ie chomh maith.

         

123 Street Avenue, City Town, 99999

(123) 555-6789

email@address.com

 

You can set your address, phone number, email and site description in the settings tab.
Link to read me page with more information.

Screen Shot 2020-11-06 at 2.08.41 pm.png

Cultúr Uíbh Ráthaigh

Pobal, Nascacht & Cultúr

Cultúr Saibhir


Screen Shot 2020-11-06 at 1.42.27 pm.png

GAA

GAA 

Is dlúthchuid thábhachtach de shaol an phobail i gCiarraí é An Cumann Lúthchleas Gael (GAA). Cuirtear fáilte roimh bhaill nua sna clubanna áitiúla in Uíbh Ráthach. Is bealach éifeachtach é an spórt le nasc a dhéanamh le ceantar nua agus le bualadh le daoine nua anseo ar an leithinis agus tú ag socrú isteach ar do shaol nua.

Is iad na clubanna atá ag feidhmiú in Uíbh Ráthach ná: CLG Piarsaigh na Dromoda, Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór, Renard, An Coireán, Skellig Rangers, St Mary’s Cahersiveen and An tSnaidhm. Is féidir ballraíocht a fháil ó na clubanna féin. 

Tá breis eolais ar fáil ó Bhord CLG Ciarraí Theas agus ar mheáin shóisialta na gclubanna.

Bord CLG Chiarraí Theas: https://www.facebook.com/South-Kerry-GAA-1194644007231592/ 

Piarsaigh na Dromoda: https://www.facebook.com/dromidpearses/ 

Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór: https://www.facebook.com/St-MichaelsFoilmore-GAA-Club-163574520351255/ 

12.jpg

Féilte Cultúrtha agus Oidhreachta

Amergin Solstice Poetry Gathering/Éigse na Gréine

Bíonn an fhéile bhliantúil ‘Éigse na Gréine’ nó Amergin Solstice Poetry Festival ar siúl in Uíbh Ráthach gach samhradh. Tá sé d’aidhm ag an bhféile filíocht na hÉireann a cheiliúradh. Bíonn cúrsaí meabhairshláinte chun tosaigh le linn na n-imeachtaí i gcuimhne ar Anthony Clare, Síciatraí aitheanta a chaitheadh tréimhsí leanúnacha sa Choireán. Ceiliúrann an fhéile oidhreacht áitiúil agus náisiúnta na filíochta le béim faoi leith ar scéal bunaidh na filíochta Aimhirghin

https://www.amerginpoetry.com/

Éigse na Brídeoige

Is féile oidhreachta agus chultúir í Éigse na Brídeoige a cheiliúrann traidisiúin agus cultúr Uíbh Ráthaigh. Cuireadh an fhéile ar bun sa bhliain 1993. Bíonn téama éagsúil a bhaineann go dlúth le hoidhreacht agus le cultúr Uíbh Ráthaigh. Ó cuireadh tús leis an bhféile tá plé agus ceiliúradh déanta ar na hiliomad ábhar, ina measc seo tá: an béaloideas, an amhránaíocht, an fhilíocht, an t-athrú aeráide, an fharraige, Sceilg Mhichíl agus ar stair an cheantair. Eolas ar fáil ag:

https://www.eigsenabrideoige.com/ 

Ballinskelligs Castle, Wild Atlantic Way_Web Size.jpg

Filíocht in Uíbh Ráthach

scéal bunaidh na Filíochta

 

Mé Gaoth ar Muir

(Am Wind on Sea)

Mé Gaoth ar Muir – is leis na focail sin, i Laoi Aimirghín, a chéad thosnaigh tradisiún na filíochta in Uíbh Ráthach agus in Éirinn. Is é seo an chéad fhriotal filíochta, i nGaeilge de réir na miotaseolaíochta. De réir an Leabhar Gabhála gur tháinig Aimhirghin  Glúngheal i dtír ar Bhá na Scealg mar ar thug sé an fhilíocht go talamh na hÉireann den gcéad uair agus é ag glacadh seilbhe ar an tír. 

Is idir 1655 agus 1659 a d’fhoilsigh Seán Ó Conaill a dhán fada Tuireamh na hÉireann ina insíonn sé a leagan féin de theacht Chlanna Mhíle.

Cuireann sé síos ar thuras farraige chlann Mhíle:

Gaoth is anfa is mearbhall spéire 

A chuir go Banba tamall roimh Ghaelaibh.

Deir sé freisin sa dán:

I gContae Chiarraí in Iarthar Éireann

Ghlacadar caladh ag Inbhear Scéine

Atá ag bun Choireáin fós gan traochadh 

An charraig lér cailleadh go seachallach Éanna. 

Ba é tús an laoi cháiliúil a reic Aimhirghin agus iad ag teacht i dtír ná:

Am gaeth i m-muir,Am tond trethan,Am fuaim mara,Am dam secht ndirend,Am séig i n-aill…

Chum an file áitiúil Paddy Bushe leagan comhaimseartha sa Nua-Ghaeilge de laoi Aimhirghin “Coiscéim Aimhirghin”:

Coiscéim Aimhirghin

Mé gaoth ar muir

Mé tonn díleann

Mé glór mara

Mé damh seacht gcomhrac

Mé fiolar ar fhaill

Mé deor drúchta fén ngréin

Mé áilleacht fáis

Mé torc ar ghail

Mé bradán sa linn

Mé loch ar mhá

Mé suí eagna

Mé ga faoi bhua ag slaí sa chath

Mé dia a adhnann tine sa cheann

Cé a dheineann réidh clochán sléibhe?

Cé a chaitheann solas ar chruthanna na gealaí?

Cé fhógraíonn cá luífidh an ghrian?

Cé a threoraíonn na tonnta mar bha na mara?

Cé air a shoilsíonn na tonnta sin?

Cén dream, cén dia a chuireann faobhar ar lanna i ndún ailse?

Caoineadh na nga. Caoineadh na Gaoithe.

(Coiscéim Aimhirghin, Paddy Bushe).

Is féidir Paddy Bushe a chlos ag insint mar gheall ar scéal Aimhirghin agus a dhán ‘Freagra Scéine’ á léamh ag:

 


Screen Shot 2020-10-02 at 3.36.37 pm.png

Éist le Olivia O’ Leary ag labhairt ar dhán cáiliúil Aimhirghin agus an fhéile áitiúil Amergin Solstice Poetry Gathering:

https://radio.rte.ie/radio1highlights/drivetime-olivia-oleary-amergin/



Na Filí Comhaimseartha

Is iad na filí a bhaineann le hUíbh Ráthach le linn an fhichiú haoise agus an aonú haoise is fiche ná Mícheál Ua Ciarmhaic (“Michael Kirby”) (1906 – 2005), Paddy Bushe (1948 - ) agus Mícheál Ó Siochrú (1947 - )

 
23.jpg

Paddy Bushe

(1948 - )

 

File, scríbhneoir agus eagarthóir é Paddy Bushe. Rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Tá sé ina chónaí sa Choireán, Uíbh Ráthach le breis is daichead bliain anuas ó thús na seachtóidí.  Tá sé ina Stiúrthóir Cruthaitheach ar an bhféile bhliantúil filíochta ‘Éigse na Gréine (Amergin Solstice Poetry Festival). Tá sé ina bhall d’Aosdána. 

Tá idir chnuasaigh filíochta aonair foilsithe aige sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Tá eagarthóireacht déanta aige ar na hiliomad leabhar chomh maith anuas ar aistriúchán ar chnuasaigh filíochta fhilí eile. I measc an tsaothair seo tá: Poems with Amergin (Beaver Row 1989) ‘Teanga’ (Coiscéim 1990), ‘Counsellor’ (Sceilg Press 1991), ‘Digging Towards the Light’ (Dedalus Press, 1994) , ‘To Make the Stone Sing’ (Sceilg Press / Wolfhound Press, 1996) , ‘Hopkins on Skellig Michael’ (Dedalus Press, 2001) , ‘In Ainneoin na gCloch’ (Coiscéim 2001) , ‘The Nitpicking Of Cranes’ (Dedalus Press, 2004), ‘An Góstfhear/The Ghostman’ (Coiscéim 2004),  ‘Gile na Gile’ (Coiscéim, 2005) , ‘To Ring in Silence: New and Selected Poems’ (Dedalus Press, 2009), Voices at the World’s Edge: Irish Poets on Skellig Michael ed., (Dedalus, 2010),‘My Lord Buddha of Carraig Éanna’ (Dedalus Press, 2012) ,‘Ó Choill go Barr Ghéaráin’ (Coiscéim 2013), ‘Móinéar an Chroí’ (Coiscéim 2018), ‘Second Sight: Poems in Irish’ (Dedalus Press 2020) agus ‘Peripheral Vision’ (Dedalus Press 2020)

 
Michael O Siochru.png

Mícheál Ó Siochrú (1947 - )

 

Rugadh Mícheál Ó Siochrú i gClochán na nUagh, Baile ‘n Sceilg, Uíbh Ráthach sa bhliain 1947. Tháinig sé go Luimneach sa bhliain 1968. Tá sé ina chónaí i Lios na Graí, Caisleán Uí Chonaing, Luimneach anois. Is file agus úrscéalaí é. Tá ceithre chnuasach filíochta Gaeilge, cnuasach Béarla amháin agus trí úrscéal foilsithe aige. ‘Gealach na gCoinlíní’ (Coiscéim 1985), ‘An Spás á Ghlanadh’ (Coiscéim 1991), ‘Oidhre na Priaireachta’ (Coiscéim 1991), ‘Rachlas’ (Coiscéim 2015), ‘The Healing Room’ (Revival Press 2015),‘An File’ (Coiscéim 2017),‘Redshank’ (Ionad Scríbhneoirí Luimnigh 2018) agus ‘Scáil an Scéil’(Coiscéim 2019).

 
25.jpg

Mícheál Ua Ciarmhaic (1906 - 2005)

 

Fear pobail cáiliúil arb as Baile ‘n Sceilg ab ea Mícheál Ó Ciarmhaic. Ba fhile, scríbhneoir agus péintéir é. Scríobh sé a chéad leabhar agus é sna seachtóidí sa bhliain 1984 nuair a foilsíodh an cnuasach filíochta ‘Cliathán na Sceilge’ (Coiscéim 1984). D’fhoilsigh sé idir leabhair Ghaeilge agus Bhéarla. I measc an t-aon leabhar déag leis a foilsíodh tá: Cliathán na Sceilge (Coiscéim 1984), Íochtar Trá (Coiscéim 1985), An Gabhar sa Teampall (Coiscéim 1986), Barra Taoide (Coiscéim 1988), Ceol Maidí Rá (Coiscéim 1990), Chuireas mo líonta (Cló Iar-Chonnacht 1993), Guth ón Sceilg (Coiscéim 2000), Skelligside (The Lilliput Press 1990), Skelligs Calling (The Lilliput Press 2003) agus Skelligs Sunset (The Lilliput Press 2006).

 
20.jpg

Ceol agus Amhránaíocht

Gnéithe tábhachtacha de chuid thraidisiún ársa cheantar Uíbh Ráthaigh iad an ceol agus an amhránaíocht. I measc na n-amhránaithe cáiliúla a bhaineann leis an leithinis tá Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785 – 1848) agus Sigerson Clifford (1813 – 1885).


D’fhéadfaí a rá gurb é Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848) an file agus an t-amhránaí is cáiliúla i dtraidisiún na hamhránaíochta in Uíbh Ráthach. Tá a chuid amhrán fós i mbéal an phobail. Bhí dea-aithne aige ar Dhónall Ó Conaill. Scríobh sé an t-amhrán A Rí an Domhnaigh do Dhónall Ó Conaill nuair a bhí sé breoite ag guí go gcuire Dia biseach air. Nuair a toghadh Dónall Ó Conaill in Westminster, chuir an file fáilte roimhe abhaile go Doire Fhíonáin leis an amhrán ‘Sé Donall Binn Ó Conaill Caoin’. I measc na n-amhrán eile leis a bhfuil cáil orthu sa cheantar tá: Maidin Bhog Álainn, Amhrán na Leabhar agus An Gheadach dá Crú sa Ghleann.

Tá cur amach leathan ag daoine ar amhrán Uí Shúilleabháin “Amhrán na Leabhar” agus cantar an t-amhrán seo go forleathan go fóill. Ba mhúinteoir scoile ab ea Tomás Rua a aistríodh ó Dhoire Fhionáin go Port Mhic Aoidh. Bhí bailiúchán téagartha leabhar agus lámhscríbhinní aige. Chuir sé a chuid leabhar i stóras ar bhád chun iad a aistriú ó Bhá Dhoire Fhionáin go Cuan Dhairbhre. Ar an droch uair, iompaíodh an bád bunoscionn agus cailleadh a bhailiúchán saibhir leabhar go léir. Scríobh sé an t-amhrán seo ag cur síos ar an eachtra agus mar chaoineadh ar a raibh caillte aige.

Tá an leagan iomlán Gaeilge ar fáil ó Tim Dennehy, amhránaí áitiúil ag:

https://www.sceilig.com/amhran_na_leabhar.html

Amhrán na Leabhar (“The Song of Books” or “Cuan Bhéil Inse”)

https://www.youtube.com/watch?v=RQgXY07sz8Q 

Go Cuan Bhéil Inse casadh mé

Cois Góilín aoibhinn Dairbhre

Mar a seoltar flit na farraige

Thar sáile i gcéin.

I Portmagee do stádas seal,

Faoi thuairim intinn maitheasa

D’fhonn bheith sealad eatarthu

Mar mháistir léinn.

Is gearr gur chuala an eachtra

Ag cách mo léan!

Gur i mbord Eoghain Fhinn do chaileathas

An t-árthach tréan…

https://www.sceilig.com/amhran_na_leabhar.htm

Sigerson Clifford (1813-85)

A rugadh i gCorcaigh ach a bhog go Cathair Saidhbhín agus é dhá bhliain d’aois. Tá cáil ar leith ar an amhrán ‘The Boys of Barr na Sráide’

Oh the town it climbs the mountain and looks out upon the sea
At sleeping time or waking, 'tis there I long to be
To walk again that kindly street that place where life began
And the boys of Barr na Sráide went hunting for the wren

With cudgels stout we roamed about to hunt the dreoilín
We searched for birds in every furze from Litir to Dooneen
We sang for joy beneath the sky, life held no print or plan
And we, boys of Barr na Sráide, went hunting for the wren

And when the hills were bleeding and the rifles were aflame
To the rebel homes of Kerry the Saxon stranger came
But the men who dared the Auxies and who beat the Black-and-Tan
Were the boys of Barr na Sráide who hunted for the wren

Is féidir éisteacht leis an amhrán ‘The Boys of Barr na Sráide’ á chanadh ag Christy Moore anseo: 

https://www.youtube.com/watch?v=NdNP86KuU-I 

Binneas – Togra Bailithe Amhrán

Bunaíodh an togra Binneas chun oidhreacht shaibhir ceoil agus amhránaíochta cheantar Uíbh Ráthaigh a chaomhnú agus a chur ar aghaidh ag an gcéad ghlúin eile. Tá bailiúchán suntasach d’amhrán bailithe ag an gceoltóir Peter Mullarkey, a rugadh i Londain. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ó Binneas.com

A view of the Skelligs and Puffin Island from Valentia Island_Web Size.jpg

An Béaloideas agus An Mhiotaseolaíocht

Is in Éirinn a bhfuil ceann de na bailiúcháin béaloidis is téagartha dá bhfuil ar fáil in Iarthar na hEorpa. Ba in Uíbh Ráthach a bailíodh an bailiúchán is mó de chuid Choimisiún Bhéaloideas Éireann sna naoi gcéad tríochaidí. Bhí an bailitheoir béaloidis áitiúil Tadhg Ó Murchadha (1896 – 1961) (arb as an gCoireán dó) an-ghníomhach sa cheantar.

Is é an faisnéiseoir a thuill an cháil is mó sa cheantar ná Seán Ó Conaill (1853-1931). Bhí ainm in airde aige ina cháilíocht mar gheall ar a dheisbhéalaíocht mar chainteoir Gaeilge agus mar sheanchaí. Mhair sé i sráidbhaile Cill Rialaig ar Cheann Bólais (sráidbhaile atá tréigthe ach a deineadh athnuachan air sa bhliain 1991. Tá tithe de chuid dísirt ealaíontóirí Cill Rialaig ar an láthair sin anois. Féachtar ar ‘Leabhar Sheáin Uí Chonaill’ (1948) bunaithe ar ar bhailigh Séamus Ó Duillearga mar chlasaic i léann an bhéaloidis.

Tá a thuilleadh eolais mar gheall ar an tsráidbhaile seo ar fáil ag:

https://cillrialaigartscentre.com/residencies/  

Tá go leor sa bhailiúchán béaloidis a bailíodh ón gceantar maidir le Clann a Mhíle agus Aimhirghin. Tá a rian sin le feiceáil i dtírdhreach agus i ngnéithe aiceanta sa cheantar. Mar shampla, tugtar Loch Luíoch ar Lough Currane sa Choireán. Baineann an t-ainm sin le Lugaid (mac le Ith a leag radharc ar thalamh na hÉireann den gcéad uair ó thúr sa Spáinn).

Tá fáil ar bhreis eolais faoi bhéaloideas na hÉireann trí chéile ag:

https://www.duchas.ie/en  

Tá dlúthghaol idir scéal miotais Aimhirghin agus Chlann a Mhíle agus tírdhreach Uíbh Ráthaigh. Deirtear gur bádh deartháireacha Aimhirghin – Ir, Donn agus Érannán linn an turais fharraige. Cuireadh iad ar oileáin faoi leith timpeall na háite tuirlingthe seo. Cuireadh Érannán ar Charraig Éanna. Deirtear go bhfuil Donn ar Oileán Doinn agus aistríodh Ir go Sceilg Mhichíl. Scéal tábhacht bunaidh de chuid Dinnseanchas an cheantair. 

An Fhiannaíocht

Tá dlúthbhaint ag scéalta fiannaíochta le tírdhreach na háite – an scéal clúiteach Oisín i dTír na nÓg, mar shampla. D’imigh Oisín agus Niamh Chinn Óir go Tír na nÓg ag Tonn Tóime (ceann amháin de tonnta móra na hÉireann) idir tráigh Ros Beithe agus tráigh Inse. Ba i mBealach Oisín, an chonair sléibhe, a d’fhill Oisín, áit ar bhuail sé le Naomh Pádraig tar éis dó a bheith in umar na haimléise toisc na fianna a bheith ar shlí na fírinne.