Contact Us | Teagmháil

Get in touch with questions or comments through any of the channels below. We look forward to hearing from you.
Bí i dteagmháil linn le do chuid ceisteanna nó moltaí trí cheann ar bith de na bealaí thíos. Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Is féidir teachtaireacht dhíreach a sheoladh chugainn ag tascfhorsa@udaras.ie chomh maith.

         

123 Street Avenue, City Town, 99999

(123) 555-6789

email@address.com

 

You can set your address, phone number, email and site description in the settings tab.
Link to read me page with more information.

Nuacht agus Ócáidí

Folúntais reatha ag Údarás na Gaeltachta in Uíbh Ráthach

Caitlin Breathnach

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh - Tá post páirt aimseartha an Bhainisteoir Tionscnaimh leis an dTascfhórsa le líonadh faoi láthair, le sprioc lá an 17.06.24 ag gabháil leis an gcomórtas.

gteic Uíbh Ráthaigh - Tá gteic Uíbh Ráthaigh ag druidim i dtreo a bheith críochnaithe, agus an t-Údarás anois ag earcú Bainisteoir Forbartha Gnó chun an t-ionad san a riaradh.  Tá na sonraí poist ar fáil anseo.

Plean Tithíochta Uíbh Ráthaigh

Caitlin Breathnach

Seolta ag ócáid in Ionad na Dromod ar an 14.02.24, tá plean tithíochta an Tascfhórsa ar fáil anseo. Ba iad Self Organised Architecture (www.soa.ie) na comhairleoirí a d’fhorbair an phlean seo i dteannta an phobail le tacaíocht ó fho-choiste tithíochta an Tascfhórsa.

Tithíocht ar phraghas réasúnta – seisiúin eolais pobail Márta 2023

Caitlin Breathnach

Tá obair ar siúl chun mapa bóthair i dtreo tithíocht ar phraghas réasúnta a fhorbairt in Uíbh Ráthach, agus dhein ár gcomhghleacaithe in SOA (www.soa.ie) áisitheoireacht ar cheardlanna agus ar sheisiún eolais i gCillín Liath agus i mBaile an Sceilg ar an 28ú agus 29ú Márta.

Ceistneoir do úinéirí maoine ar fáil i mBéarla anseo agus tá leagan Gaeilge den gceistneoir ar fáil anseo.

Ceistneoir do dhaoine gur spéis leo tigh ar phraghas réasúnta a fháil sa cheantar amach anseo ar fáil i mBéarla anseo agus tá leagan Gaeilge den gceistneoir ar fáil anseo.

Ag bogadh go hUíbh Ráthach — eispéiris na ndaoine a rinne an t-aistriú

Caitlin Breathnach

Má tá tú ag smaoineamh ar aistriú go hUíbh Ráthach amach anseo, níl bealach níos fearr le fáil amach faoin saol sa cheantar Gaeltachta seo ná trí taithí dhaoine eile. Seo físeán gearr ón Tascfhórsa faoin gceantar agus faoina bhfuil ar siúl againn, agus ina dhiaidh sin tá ceithre scéal phearsanta ar fáil a léiríonn eispéiris phearsanta na ndaoine seo atá tagtha chun cónaithe anseo.

Eolas ón dTascfhórsa Gaeilge

Scéal Edel Gaeilge English

Scéal Christiona & Cillian Gaeilge English

Scéal Kevin English

Scéal Julia English

Tuairisc oibre 2020 - 2021 foilsithe ag Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh

Caitlin Breathnach

Seoladh Tuairisc Idirthréimhse an Tascfhórsa ag ócáid in Ionad na Dromoda, Cillín Liath ar an 25ú Iúil, 2022. Tá cóip den dtuairisc ar fáil tríd an nasc thíos.

An interim report on the work of the Tascfhórsa was launched at an event in Ionad na Dromoda, Cillín Liath on the 25th July, 2022. A copy of the report is available through the link below.

https://issuu.com/tfur/docs/taskforce_progress_report_final

Oíche Eolais agus Pleanála ar Zoom/Information and Planning Session on Zoom, October 6th at 20.00

Shane Grant

Zoom Online(2).png


Seisiún Eolais agus Pleanála ar líne ar Zoom, Dé Máirt, 6ú Deireadh Fómhair 20.00
Beidh seisiún eolais á reáchtáil againn ar líne ar Zoom ar a 8 a chlog ar an Mháirt, 6ú Deireadh Fómhair. Reáchtálfar an seisiún ar líne (trí Zoom). Tá an cruinniú seo á eagrú i gcomhpháirt ag Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an gníomhaireacht atá faoi stiúir IRD Waterville, a bhfuil plean inbhuanaitheachta á chur le chéile acu i láthair na huaire. Cuimseoidh an plean seo aibhnte, lochanna agus cósta an cheantair.

I measc na n-ábhar a bheidh á gclúdach ar an oíche tá:

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh
Roinnfear eolas cuimsitheach le daoine ar an oíche maidir le forbairtí éagsúla atá á gcur chun cinn go háitiúil le tamall anuas. Tá fás agus forbairt ag teacht go leanúnach ar obair an Tascfhórsa agus beidh Caitlín Breathnach, Bainisteoir Tionscnaimh an Tascfhórsa, i láthair le heolas a roinnt agus chun ceisteanna a fhreagairt.
 
Ranganna Gaeilge le Brí Uíbh Ráthaigh agus Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Beidh ionadaithe ann ó Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Áine Uí Bheoláin, Bainisteoir an Chomhchoiste agus Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga, le heolas a roinnt leis an bpobal maidir le gníomhaíochtaí éagsúla atá á mbeartú ó thaobh cúrsaí teanga. Is ar líne a bheidh na ranganna seo. Beidh deis ag daoine atá ag smaoineamh ar athlonnú go hUíbh Ráthach a bheith páirteach sna ranganna seo. Breis eolais ar fáil ó Victor ag pleanteangaur@gmail.com.
 
Pleanáil i dtreo aitheantais mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta i gCathair Saidhbhín
Le míonna beaga anuas, tá grúpa áitiúil i gCathair Saidhbhín tar éis a bheith ag obair ar aitheantas a bhaint amach do Chathair Saidhbhín mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Tabharfar eolas maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an oíche.

Plean Inbhuanaitheachta
Tá béim á leagadh ar na huiscebhealaí áitiúla – Loch Luíoch, Abhainn na hUíne agus na huiscí eile a shruthlaíonn go Bá na Sceilg mar chuid de phlean inbhuanaitheachta atá á chur le chéile i láthair na huaire. Tá tréimhse pleanála an phlean seo ag teacht chun deiridh go luath. Tá obair den scoth déanta ag grúpa comhairleoirí, faoi stiúir Paul O’Raw maidir le mapáil a dhéanamh ar chaighdeán uisce sa cheantar agus ar athruithe atá tagtha ar úsáid talún go háitiúil. Pléifear na réamh-mholtaí atá tar éis eascairt as an bpróiseas seo ag an gcruinniú seo. Beidh leagan deiridh an phlean á chur le chéile i gcaitheamh Mhí Dheireadh Fómhair agus Mhí na Samhna. Tugann an cruinniú seo deis dheiridh do dhaoine an t-ábhar sa phlean a athbhreithniú agus moltaí deiridh a dhéanamh lena aghaidh.


Is eiseamláir é an cruinniú poiblí seo de chomhpháirtíocht thábhachtach idir pobail agus áisíneachtaí éagsúla. Is cinnte go mbeidh ábhar spéise ann don bpobal féin sa chlár agus táthar ag súil le fáilte a chur rompu ar an oíche.

A planning and information session will take at 8.00pm on Tuesday next, October 6th at 20.00pm.  The meeting will take place online (via Zoom).  The meeting is being jointly organised by Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh and the consortium, led by IRD Waterville, that is compiling the sustainability plan for the locality’s rivers, lakes and coast.
Among the topics that will be covered on the night include:

English Language Version
Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh
Attendees will be assured of a great deal of useful information on a range of interesting developments.  The Tascfhórsa has gone from strength to strength over the past two years, and Project Manager, Caitlín Breathnach will be on hand, on the night, to provide information and answer queries.
 
Ranganna Gaeilge/Irish Language Classes with Brí Uíbh Ráthaigh
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh representatives, including Manager Áine Uí Bheoláin and Victor Bayda, Language Planning Officer, will update the public on the range of forthcoming activities including Irish language classes.  These classes will take place online and are being made available to those who are in the process/considering moving to Uíbh Ráthach over the coming weeks and months. More information is available from Victor at pleanteangaur@gmail.com
 
Planning towards recognition as a Gaeltacht Service Town (Baile Seirbhíse Gaeltachta) in Cahersiveen
Over recent months, a Cahersiveen-based group been working to enhance the town’s status as a designated Baile Seirbhíse Gaeltachta (Gaeltacht Service Town). Information will be shared on the development of the Baile Seirbhíse on the night.
 
Sustainability Plan
The locality’s waterways – Lough Currane, the Inny River and the waters that flow in to Ballinskelligs Bay are the focus of a sustainability plan that is currently nearing completion.  A team of consultants, led by Paul O’Raw, has done Trojan work in mapping water quality and land use changes and in consulting with local stakeholders and statutory bodies on how best to enhance water quality, promote local economic development and harness local resources associated with water – including heritage, folklore, historic sites and environmental assets. The plan will be written-up during October and November, and this meeting affords members of the public a final opportunity to review the plan’s content and to make any final suggestions.

The public meeting is an example of inter-community and inter-agency collaboration, and members of the public are sure to find something interesting on this wide-ranging agenda.

Mapa Bóthair d’athbheochan Ghaeltacht Uíbh Ráthach

Outcome Digital

medium-Views of the Wild Atlantic Way captured at ATTA 2014 39.jpg

Tá mapa bóthair d’athbheochan Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, a forbraíodh mar mhúnla do thograí athghiniúna tuaithe eile, eisithe ag Údarás na Gaeltachta ar son Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, seolta ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D.

Is féidir Gníomhphlean an Tascfhórsa a íoslódáil ó shuíomh idirlinn Údarás na Gaeltachta tríd na nascanna thíos:

https://udaras.ie/assets/uploads/2019/10/Tuairisc-agus-PGniomh-Tascfhorsa-Cuid-1.pdf

https://udaras.ie/assets/uploads/2019/10/Tuairisc-agus-PGniomh-Tascfhorsa-Cuid-2.pdf