Contact Us | Teagmháil

Get in touch with questions or comments through any of the channels below. We look forward to hearing from you.
Bí i dteagmháil linn le do chuid ceisteanna nó moltaí trí cheann ar bith de na bealaí thíos. Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Is féidir teachtaireacht dhíreach a sheoladh chugainn ag tascfhorsa@udaras.ie chomh maith.

         

123 Street Avenue, City Town, 99999

(123) 555-6789

email@address.com

 

You can set your address, phone number, email and site description in the settings tab.
Link to read me page with more information.

15.jpg

Tar ag obair in Uíbh Ráthach

Pobal, Nascacht & Cultúr

Aimsigh Post: Deiseanna Fostaíochta in Uíbh Ráthach

SKDP Weekly Jobs Sheet: 

Déantar faisnéis a nuashonrú go seachtainiúil maidir le folúntais fostaíochta anseo i gCiarraí Theas ar an bhfeasachán seachtainiúil post ar líne a sholáthraíonn Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas.

https://www.southkerry.ie/category/jobs-sheets/  



Údarás na Gaeltachta - Bileog poist Údarás na Gaeltachta agus folúntais ar fáil ag:

https://www.udaras.ie/en/training-employment/jobs/  

Lean an Tascfhórsa ar na meáin shóisialta le haghaidh eolais suas go dáta mar gheall ar poist atá ar fáil in Uíbh Ráthach.

Screen Shot 2020-10-02 at 3.29.58 pm.png

Grow Remote - Tá deiseanna cianoibre ar fáil ó Grow Remote; fóram a roinneann eolas maidir leis na deiseanna cianoibre atá ar fáil le comhlachtaí Éireannacha agus comhlachtaí náisiúnta. Ní gá duit a bheith lonnaithe in aon tír nó réigiún ar leith anseo chun fostaíocht ardchaighdeáin le luach saothair maith a bheith agat. Féach ar na folúntais atá ann faoi láthair agus roghnaigh Uíbh Ráthach mar cheann scríbe.

Tá tuilleadh faisnéise faoi na deiseanna iontacha seo ar fáil ag

https://growremote.ie/get-started/ 

Bunaigh do ghnó féin anseo in Uíbh Ráthach: Tacaíocht atá ar fáil duit  

Tá go leor eagraíochtaí ar féidir cúnamh a thabhairt duit má tá tú ag iarraidh gnó a thosú sa cheantar nó má tá fostaíocht á lorg agat anseo in Uíbh Ráthach. Tá sonraí ar fáil thíos de na príomheagraíochtaí fostaíochta agus fiontraíochta a thabharfaidh cabhair duit. Is féidir do smaoineamh nuálaíoch a fhíoradh anseo in Uíbh Ráthach. Tá saol nuálaíoch romhat anseo in Uíbh Ráthach.

Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta raon dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnólachtaí agus do chuideachtaí incháilithe i réimse earnálacha chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta. Tá na céadta gnó bunaithe ag comhlachtaí sa Ghaeltacht le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Tá tacaíocht ar fáil do staidéir fhéidearthachta, taighde agus forbairt a dhéanamh, deontais caipitil agus tá oiliúint ar fáil. 

Screen Shot 2020-10-02 at 3.09.39 pm.png

Spásanna oibre digiteacha

gteic @Baile an Sceilg & gteic @An Dromaid:

Tá forbairt déanta ag Údarás na Gaeltachta, in éineacht leis an eagraíocht pobail áitiúil, ar áis nua gteic (spás oibre comhroinnte) ag Cillín Liath, áit a bhfuil naoi mboth gloine, inghlasaithe ar fáil. Tá an fhorbairt nua seo á bhainistiú ag Forbairt na Dromoda, agus cuireann sé leis na seirbhísí gteic reatha i nDún Géagáin, Baile 'n Sceilg, á bhainistiú ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ina bhfuil sé spás comhoibre. 

Tá na háiseanna moil digiteacha seo oiriúnach do chianobair, do shaoroibrithe, do ghnólachtaí nua bhunaithe, do mhic léinn agus do chuairteoirí, agus tá siad ar fáil go fadtéarmach nó díreach don lá.

gteic @An Dromaid – ríomhphost AnDromaid@gteic.ie nó glaoigh ar (066) 9474782

gteic @Baile an Sceilg — ríomhphost BaileAnSceilig@gteic.ie nó glaoigh ar (066) 9474888

Office Light Caherciveen:

Tá fáil ar oifigí príobháideacha, roinnte agus spásanna coibritheacha in Office Light, Cathair Saidbhín. Tá seirbhís láidir leathanbhanda ar fáil agus tugann an áit chomhaimseartha seo deis comhpháirtíochta duit i suíomh lárnach. Déan teagmháil le Office Light ag (087) 2673766.

Aonad Forbartha Eacnamaíochta, Comhairle Chontae Chiarraí:

Má tá smaoineamh agat do ghnó a thosú nó más maith leat do ghnó féin a aistriú anseo go Ciarraí Theas, téir i dteagmháil le Bridget Fitzgerald chun comhairle agus tacaíocht a fháil. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag:

https://www.kerrycoco.ie/economic-development-unit/ 



Screen Shot 2020-10-02 at 3.16.45 pm.png

An Oifig Fiontair Áitiúil (LEO): Cuireann an oifig tacaíocht ar fáil chun gnó a thosú nó le forbairt a dhéanamh ar ghnó atá bunaithe cheana. Baineann tacaíocht na hoifige le gnólachtaí a bhfuil foireann de dheichniúr nó níos lú ann. Tá raon leathan tacaíochta ar fáil duit (deontais do staidéir fhéidearthachta, oiliúint, meantóireacht srl). 

Tá fáil ar eolas faoi thacaíocht na hOifige Fiontair Áitiúil ag:

https://www.localenterprise.ie/Kerry/

 
Screen Shot 2020-10-02 at 3.15.37 pm.png
 

Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas (SKDP)

Is eagraíocht forbartha tuaithe í a bunaíodh sa bhliain 1991. 

Cuireann SKDP sraith tacaíochtaí ar fáil maidir le fiontraíocht agus fostaíocht, forbairt phobail agus oiliúint don bpobal áitiúil.

Tá eolas ar fáil ag:

https://www.southkerry.ie/ 


Riarann SKDP an clár tacaíochta d’fhorbairt tuaithe LEADER do Chiarraí Theas.

Tá eolas ar fáil faoi chlár LEADER ag: 

https://www.southkerry.ie/rural-development-leader-programme-2014-2020-2/

Gnólachtaí Áitiúla

I measc na dtionscal atá lonnaithe i gCiarraí Theas tá an déantúsaíocht, leigheas ainmhithe, innealtóireacht, turasóireacht, próiseáil agus táirgeadh bídh. Tá earnáil iascaireachta agus mara sa cheantar. Tá earnáil láidir ceardaíochta agus ealaíne anseo agus is mó ealaíontóir atá ag maireachtaint agus ag obair sa cheantar. 

 

Oifigí agus Spásanna Fiontraíochta

Maidir le spás fiontraíochta: is féidir trádstórais, oifigí, stórais, spásanna miondíola, limistéir taispeántas, monarchana, spásanna táirgeachta agus foirgnimh eile a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach d’úsáid gníomhaíochta/trádála a chur san áireamh.

 

Má tá foirgneamh / maoin agat, nó ag duine a bhfuil aithne agat air / uirthi, déan teagmháil linn ar ríomhphost: tascfhorsa@udaras.ie, nó Cliceáil ANSEO chun na sonraí a chur ar fáil dúinn, le do thoil.



Spásanna Fiontraíochta atá ar fáil

Chun teacht ar spás oibre nó fiontraíochta déan teagmháil linn ar an ríomhphost ag tascfhorsa@udaras.ie agus roinnfimid leat an clár maoine atá bailithe againn.

Deiseanna d’Ealaíontóirí

Tarraingíonn ealaíontóirí, déantúsóirí, físealaíontóirí agus scríbhneoirí ar an dúthaigh aoibhinn seo mar thobar inspioráide. Bíonn idir éileamh áitiúil agus éileamh séasúsarach nuair a thugann séasúr na turasóireachta i réim ar shaothar ealaíontóirí sa cheantar.

 Cumas Ceantar

 Tá Uíbh Ráthach sa chéad chéim de chlár “Cumas Ceantar” de chuid na Comhairle Ealaíon faoi láthair.

D’fhéadfadh an togra seo deiseanna nua a chruthú chun ár mbonneagair ealaíne áitiúil a fhorbairt agus a shaibhriú trí chleachtais ealaíne leanúnach, pobal bhunaithe. Sna blianta amach romhainn, beimíd ag togaint ár n-acmhainní nádúrtha, ár mbunsraith cultúrtha agus ar spiorad an phobail d’fhonn Uíbh Ráthach a bhuanú mar áit chruthaitheach, áit ina mbeidh go leor á thairiscint d’ealaíontóirí uaillmhianacha agus nuálacha.

Tá Uíbh Ráthach ag féachaint i dtreo todhchaí ina mbainfidh an pobal áitiúil, idir ealaíontóirí agus cleachtóirí ealaíon, tairbhe as deiseanna leanúnacha chun saothair láidir ealaíne a chruthú agus gairmeacha inbhuanaithe a thógáil, ar mhaithe lenár sochaí ar fad.

Tá eolas breise ar fáil ó creativeplacesur@gmail.com

Screen Shot 2020-11-06 at 2.20.04 pm.png

Leathanbhanda agus Nascacht

Tá roinnt soláthróirí seirbhíse leathanbhanda ag feidhmiú sa cheantar. Bíonn uasdátuithe rialta á ndéanamh ar an infreastruchtúr go háitiúil, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

 

Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne (https://nbi.ie/) chun teacht ar eolas cruinn maidir leis an gceangal fibre a bheidh ar fáil in áiteanna faoi leith sa cheantar nuair a bheidh an tionscadal náisiúnta seo curtha i gcrích. Tá eolas ar fáil maidir leis an gclúdach leathanbhanda atá ar fáil faoi láthair ón gcomhlacht áitiúil Ivertec (a chuireann luas suas le 150Mb/s ar fáil) ar a shuíomh gréasáin ag https://www.ivertec.ie/ Tá eolas i dtaobh na bpacáistí atá ag SCC Broadband ar fáil ó https://www.sccbroadband.ie/

 

Tá líon ar leith pointí nasctha leathanbhanda forbartha faoi choimirce Chomhairle Contae Chiarraí ag na láithreacha seo a leanas go háitiúil:

  • Cable Station, Knightstown, Oileán Dairbhre

  • Ionad Pobail Bhaile an tSéipéil, Oileán Dairbhre

  • Ionad Pobail agus Oidhreachta Stáisiúin Traenach Chuan na gCeall

  • Cillín Liath (Ionad Pobail na Dromoda)

 

Tá an pobal in ann úsáid a bhaint as an gceangal ag na láithreacha seo.