Contact Us | Teagmháil

Get in touch with questions or comments through any of the channels below. We look forward to hearing from you.
Bí i dteagmháil linn le do chuid ceisteanna nó moltaí trí cheann ar bith de na bealaí thíos. Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Is féidir teachtaireacht dhíreach a sheoladh chugainn ag tascfhorsa@udaras.ie chomh maith.

         

123 Street Avenue, City Town, 99999

(123) 555-6789

email@address.com

 

You can set your address, phone number, email and site description in the settings tab.
Link to read me page with more information.

live iveragh banner image.jpg

Tar chun cónaithe go hUíbh Ráthach

Pobal, Nascacht & Cultúr

An Teanga agus An Ghaeltacht: Pobal Dátheangach


Nár mhéanar d’aon duine a d’éireodh gach maidin don áilleacht iontach sin, agus a rachadh i bhfeighil suain arís istoíche le lá na scámhóg de chumhracht an tsáile. Aon duine a saolaítear in áilleacht na Priaireachta ní dual dó oiread agus lá amháin dá shaol a chaitheamh ina héagmais.
— Mícheál Ó Siochrú, file, Oidhre na Priaireachta 1988: 41

Is ceantar oifigiúil Gaeltachta é Uíbh Ráthach. Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ chun cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil, nó ina mbíodh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag an gcuid is mó den bpobal. Tá Gaeltacht Uíbh Ráthaigh suite ar leithinis theas i gContae Chiarraí. Is cuid lárnach í de Mhórchuaird Chiarraí agus baineann a cuid cóstaí le Slí an Atlantaigh Fhiáin. Síneann sí ó Bhaile an Sceilg agus Bá Naomh Fhionáin ar an gcósta agus Máistir Gaoithe cois Abhainn na hUíne, go Cathair Dónall san iardheisceart. Tá cuma crú capall ar an gceantar agus é ag féachtaint amach ar Bhá na Scealg. Ceantar cósta, ceantar sléibhe, ceantar locha agus aibhnte atá ann.

Amuigh ón gcósta thiar ó Cheann Bhólais tá Na Scealga. Trí oileán atá san oileánra seo: Sceilg Mhichíl mar a raibh mainistir sa luath-Chríostaíocht, An Sceilg Bheag agus Oileán na gCánóg. Ceanglaíonn an bóthar náisiúnta an N70 an ceantar le bailte Chill Orglain, Thrá Lí, Chill Airne,s An Coireán agus an tSnaidhm. Is Gaeltacht bheag í Gaeltacht Chiarraí Theas anois a bhfuil traidisiúnta láidir cultúir agus saíochta ag baint léi thar na blianta. Timpeall aimsir an Ghorta, bhí formhór mhuintir Uíbh Ráthaigh, 89.5%, ina gcainteoirí Gaeilge, céatadán a bhí i bhfad níos airde ná mar a bhí i gCorca Dhuibhne um an dtaca sin. Léiríonn figiúirí dhaonáireamh 1911 go raibh an Ghaeilge an-láidir fós ar fud na leithinse ar fad.]

Labhraíonn líon beag daoine an Ghaeilge go laethúil in Uíbh Ráthach (121 cainteoir laethúil as daonra iomlán de 1800). Tá obair den scoth ar bun le cur i bhfeidhm an phlean teanga sa cheantar chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Tá deiseanna éagsúla ar á gcur ar fáil ag Gaelainn Uíbh Ráthaigh agus ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun an teanga a úsáid agus a fhoghlaim go háitiúil. Tá trí scoil Gaeltachta sa cheantar a sholáthraíonn an curaclam trí Ghaeilge agus is féidir le daltaí meánscoile cuid mhaith mhór dá gcuid ábhar a dhéanamh trí Ghaeilge san Aonad Lán-Ghaeilge i gColáiste na Sceilge. 

Ba shaibhre do shaol agus an tarna teanga ar do thoil agat. Is féidir leat teacht chun cónaithe go hUíbh Ráthach agus maireachtaint i bpobal bríomhar dátheangach anseo. Tuigtear sa lá atá inniu ann go dtugann an t-ilteangachas buntáiste suntasach don duine ó thaobh smaointeoireachta agus breis buntáistí cognaíocha agus sóisialta ag gabháil leis an duine a bhfuil níos mó ná aon teanga amháin acu.

 Baile Nua a Aimsiú

Táimid fíorshásta cabhrú le daoine ar bhonn cás aonair chun tigh a aimsiú go fad téarmach sa cheantar. Mar sin, má tá tú ag iarraidh teacht chun cónaithe anseo, déan teagmháil linn le do thoil agus déanfaimid ár ndícheall duit.


Déan do thigh a chlárú linn (Muintir Uíbh Ráthaigh)

Más maith leat do thigh nó do mhaoin a chlárú linn le bheith ar fáil ar cíos nó más maith leat do thigh a dhíol is féidir leat an maoin a chlárú linn ag an nasc seo here. Is féidir ríomhphost a chur chugainn ag tascfhorsa@udaras.ie chomh maith.

Tionscadal Tithíochta Inacmhainne faoi cheannas an Phobail

Tá obair thaighde ar siúl ar thionscadal tithíochta inacmhainne faoi stiúir an phobail don cheantar. Tá tuilleadh eolais faoin obair seo ar fáil anseo.

 


Screen Shot 2020-09-21 at 9.36.16 am.png

Scoileanna agus Oideachas

Bunscoileanna

Tá raon leathan bunscoileanna mar rogha anseo sa cheantar. Tá ranganna beaga ag na scoileanna go léir (cóimheas idir múinteoir agus líon páistí a bhíonn faoina c(h)úram). Tugann na ranganna beaga seo deis níos luachmhaire don bpáiste a bheith ag foghlaim óna bpiardaí agus ón múinteoir ná mar a bhíonn i gceist le ranganna móra. 

Tá aitheantas mar scoil Ghaeltachta ag trí scoil sa cheantar; scoileanna ina múintear an curaclam trí mheán na Gaeilge - Scoil Náisiúnta Cillín Liath, Scoil Mhichíl Naofa, Baile ‘n Sceilg & Scoil an Ghleanna. Baineann buntáistí ar leith leis an tumoideachas d’fhorbairt iomlánaíoch an pháiste agus léiríonn taighde go n-éiríonn níos fearr le páistí a bhfuil níos mó ná teanga amháin ar a dtoil acu ó thaobh forbairt na litearthachta agus na matamaitice de. Tá seacht mbunscoil eile ag feidhmiú ar an leithinis a mhúineann an curaclam trí mheán an Bhéarla go príomha.


Scoil Náisiúnta Cillín Liath

http://www.cillinliath.ie/

Tá Scoil Náisiúnta Cillín Liath lonnaithe i dtimpeallacht álainn tuaithe ar bhruach Abhainn na hUíne. Múintear an curaclam trí mheán na Gaeilge sa scoil seo. Is trí Ghaeilge a dhéanann na páistí a gcuid eispéireas iomlán a chaitheamh ar scoil.

Is scoil mheasctha í Scoil Náisiúnta Cillín Liath. Feidhmíonn an scoil faoi phátrúnacht Dheoise an Eaglais Chaitlicigh.

Tá líon beag páistí ag freastal ar an scoil agus cinntíonn na huimhreacha beaga seo go mbíonn aird ar leith ag an múinteoir ar na leanaí. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí spóirt á thairiscint ar scoil. Tá sé d’ádh ag an scoil go bhfuil halla pobail mór le hais fhoirgneamh na scoile agus tá nasc láidir ag an scoil leis an gclub peile áitiúil Piarsaigh na Dromoda. Bíonn ceachtanna snámha ag leanaí gach bliain sa linn snámh agus sa bhfarraige. Bíonn gníomhaíochtaí éagsúla eile á reáchtáil gach bliain. Ina measc tá reathaíocht, cispheil, ióga, drámaíocht, ealaíon, cócaireacht agus an tionscadal “Scríobh Leabhar”. 


Tá an scoil ag glacadh le hiarratais faoi láthair. 


Scoil an Ghleanna

Is í Scoil an Ghleanna an t-aon scoil Ghaeltachta atá ag feidhmiú mar scoil náisiúnta pobail faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Ciarraí. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019.  Bhí foirgneamh na scoile in úsáid mar scoil ón mbliain 1973. Bíonn béim i scoileanna náisiúnta pobail ar éiteas ilchreidmheach agus ar an uilechuimsitheacht. Tá an scoil lonnaithe le hais Bhá Naomh Fhionáin a fhéachann amach i dtreo Sceilg Mhichíl. 

Is trí Ghaeilge a theagasctar an curaclam i Scoil an Ghleanna. Tá uimhreacha beaga ag freastal ar an scoil seo a chinntíonn go mbíonn aird faoi leith ag gach páiste ón múinteoir ranga.  


Scoil Mhichíl Naofa, Ballinkskelligs

Tá Scoil Mhichíl Naofa lonnaithe i mBaile ‘n Sceilg. Is scoil Ghaeltachta í a mhúineann an curaclam trí mheán na Gaeilge. Tá uimhreacha beaga ag freastal ar an scoil seo a chinntíonn go mbíonn aird faoi leith ag gach páiste ón múinteoir ranga. Tá caoga páiste ag freastal ar an scoil seo i láthair na huaire agus tá ceathrar múinteoirí ag teagasc inti.

Leagtar béim ar ghníomhaíochtaí amuigh faoin aer sa scoil seo, ar an spórt (sacar, peil ghaelach agus cispheil) agus ar an gceol traidisiúnta mar chuid de churaclam leathan uileghabhálach.

Bronnadh brat glais ar an scoil seo le déanaí mar aitheantas ar a cuid iarrachtaí i leith iompar glas a chur chun cinn i dtimpeallacht na scoile. 

Tá an scoil ag glacadh le hiarratais faoi láthair.


Scoil Náisiúnta Naomh Fhionáin, An Coireán

Tá Scoil Náisiúnta Naomh Fhionáin lonnaithe sa Choireán. Is scoil mheasctha í a bhfuil ranganna ó naíonáin shóisearacha suas go rang 6 ar fáil. Leagtar béim ar atmaisféar fáiltiúil a chothú sa scoil; is é mana na scoile ná “Déan do dhícheall i gcónaí”. Is scoil ghlas í Scoil Náisiúnta Naomh Fhionáin. Bronnadh cúig bhrat glas ar an scoil mar aitheantas ar a mbíonn ar siúl sa scoil chun polasaithe glasa a chur chun cinn.


Scoil Crochán Naofa, Caherdaniel National School

Osclaíodh Scoil Crochán Naofa sa bhliain 1971. Tá beirt mhúinteoir ranga, múinteoir acmhainne/tacaíochta foghlama amháin agus beirt chúntóir riachtanas speisialta ag obair sa scoil. Tá 43 páiste ag freastal ar an scoil faoi láthair. 


Scoil na Corra, Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál

Tá Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál lonnaithe faoin tuath timpeall seacht míle ó Chathair Saidbhín. Múintear an curaclam trí mheán an Bhéarla. Tá uimhreacha beaga ag freastal ar an scoil agus tugann sé seo deis do na leanaí breis airde agus tacaíochta ar bhonn aonair a fháil ón múinteoir ranga. 


Scoil Náisiúnta na Faille Móire

Tá Scoil Náisiúnta na Faille Móire lonnaithe i lár Fhaill Mhór, tuairim is cúig mhíle taobh amuigh de Chathair Saidbhín. Is scoil mheasctha í le héiteas Caitliceach. 


Scoil Saidhbhín

Osclaíodh Scoil Saidhbhín sa bhliain 2015 i mbaile Chathair Saidbhín. Is scoil mheasctha í. Deineadh comhnascadh idir Scoil Náisiúnta CBS do bhuachaillí agus Scoil na Toirbhirte Iósaf do chailíní agus bunaíodh an scoil nua seo. 


Scoil Náisiúnta Achadh Tiobraid

Bunaíodh Scoil Náisiúnta Achadh Tiobraid sa bhliain 1964. Tá an scoil lonnaithe idir Cathair Saidhbhín agus Baile ‘n Sceilg. Tá 75 páiste ag freastal ar an scoil i láthair na huaire. 


Scoil Bhréanainn

Tá Scoil Bhréanainn suite i sráidbhaile álainn Phort Mhic Aodha. Tá ceathrar mhúinteoir ag múineadh sa scoil ina bhfuil rang Sóisearach agus Sinsir Uathachais inti chomh maith. Tá tuilleadh eolais faoin tseirbhís seo ar fáil ag www.scoilbhreanainn.ie/our-autism-class/ . Tá 95 dalta ag freastal ar an scoil.  Tá Scoil Bhréanainn bródúil as tacú le gach páiste a lánchumas féin a bhaint amach.  


Scoil Naomh Dar Earca, Valentia

Osclaíodh Scoil Naomh Dar Earca sa bhliain 1978. Tá triúr múinteoirí ranga agus múinteoir acmhainne/tacaíochta foghlama amháin ag obair sa scoil. Is í an t-aon bhunscoil amháin atá ar Oileán Dairbhre. Deineadh comhnascadh idir trí scoil ar an oileán sa bhliain 1978 agus bunaíodh Scoil Naomh Dar Earca mar thoradh. Is í an t-aon scoil oileánda amháin i gContae Chiarraí. 

Meánscoil

Coláiste na Sceilge

Is é Coláiste na Sceilge an t-aon mheánscoil amháin atá i gceantar Uíbh Ráthaigh. Is coláiste pobail é a bhfuil idir chailíní agus bhuachaillí ag freastal ar an scoil. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1999 nuair a deineadh comhnascadh idir trí scoil áitiúil. Bunaíodh Aonad Lán-Ghaeilge sa bhliain 1999 a thugann deis do dhaltaí a gcuid ábhar a dhéanamh trí Ghaeilge.



Ar mhaith leat go mbeadh do pháiste dátheangach?

Buntáistí an Oideachais Dhátheangaigh

  • Líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge

  • Gráid níos airde a bhaint amach

  • An smaointeoireacht chruthaitheach a chothú

  • Scileanna cuimhne a fheabhsú

  • Scileanna cumarsáide agus éisteachta níos fearr 

  • Bíonn sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim nuair a bhíonn dhá theanga ag duine

  • Muinín níos láidre a bheith ag an leanbh

Tá go leor eagras agus tacaíochtaí ar fáil do thuismitheoirí ar mhaith leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí agus b’fhéidir an cinneadh a thógaint chun do pháiste a thógaint le Gaeilge. Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa agat féin chun go mbeidh Gaeilge ag do pháiste. Tá deiseanna iontacha anseo i gceantar Uíbh Ráthaigh saol dhátheangach a thabhairt do do pháiste. 

Más maith leat féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus tú ag maireachtaint sa cheantar – bíonn go leor deiseanna á gcur ar fáil ag an ngrúpa pleanála teanga áitiúil ‘Gaelainn Uíbh Ráthaigh’. Bíonn ranganna agus gníomhaíochtaí foghlama/úsáide teanga á n-eagrú acu. Bíonn idir gníomhaíochtaí ealaíne, cultúir agus spóirt ar fáil. Chun teacht ar bhreis eolais cuir scéala chuig Victor ag: pleanteangaur@gmail.com.  


Tús Maith  

Tús Maith .jpg

Tá acmhainní agus tacaíocht ar fáil ón eagraíocht “Tús Maith” dóibh siúd ar mian leo a bpáistí a thógaint le Gaeilge. Le teacht ar bhreis eolais faoi na buntáistí a bhaineann leis an tarna teanga a thabhairt do do pháiste agus chun teacht ar chúnamh téir chuig:

http://tusmaithocd.ie/welcome-homepage/ 



Tuismitheoirí na Gaeltachta  

 
Tuismitheoirí na Gaeltachta.png
 

Tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáiste a thógaint le Gaeilge. Le teacht ar a thuilleadh eolais faoina ndéanann Tuismitheoirí na Gaeltachta, téigh chuig: 

http://tuismitheoiri.ie/ 





An Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Cuireann An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus na Gaeltachta beart tacaíochta saor in aisce do thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí á dtógaint trí Ghaeilge acu. Le teacht ar an mbeart seo saor in aisce cuir ríomhphost chuig ctt@ahg.gov.ie.  Le teacht ar a thuilleadh eolais féach: https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/the-gaeltacht/language-support-schemes-programmes/family-language-support-programme/ 



Seirbhísí Feighlithe Leanaí

Naíonra Martina sa Ghleann 

Ionad Cúram Leanaí sa Dromod 

Waterville Early Years Centre 



Cúrsaí Aosoideachais 

Skellig Cri - https://www.ucc.ie/en/aboutscri/  

Kerry ETB - https://www.kerryetb.ie/baile/ with centres in Waterville (Tech Amergin) and Cahersiveen (Ionad Uí Chonaill)

32.jpg

Gníomhaíochtaí agus spórt

Gníomhaíochtaí Áineasa agus Spóirt

GAA 

Is dlúthchuid thábhachtach de shaol an phobail i gCiarraí é An Cumann Lúthchleas Gael (GAA). Cuirtear fáilte roimh bhaill nua sna clubanna áitiúla in Uíbh Ráthach. Is bealach éifeachtach é an spórt le nasc a dhéanamh le ceantar nua agus le bualadh le daoine nua anseo ar an leithinis agus tú ag socrú isteach ar do shaol nua.

Is iad na clubanna atá ag feidhmiú in Uíbh Ráthach ná: CLG Piarsaigh na Dromoda, Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór, Renard, An Coireán, Skellig Rangers, St Mary’s Cahersiveen and An tSnaidhm. Is féidir ballraíocht a fháil ó na clubanna féin. 

Tá breis eolais ar fáil ó Bhord CLG Ciarraí Theas agus ar mheáin shóisialta na gclubanna.

Bord CLG Chiarraí Theas: https://www.facebook.com/South-Kerry-GAA-1194644007231592/ 

Piarsaigh na Dromoda: https://www.facebook.com/dromidpearses/ 

Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór: https://www.facebook.com/St-MichaelsFoilmore-GAA-Club-163574520351255/ 


Rugbaí

Tá foireann rugbaí áitiúil ar fáil sa cheantar - Iveragh RFC/Iveragh Eagles. Bunaíodh Iveragh Eagles RFC sa bhliain 2009 agus tá an club lonnaithe i gCathair Saidhbhín. Imríonn an fhoireann sa dara tsraith. Le teacht ar an eolas is déanaí ón gclub téir ag: https://www.facebook.com/IveraghRFC/ 


Marcaíocht Capaill

Tá soláthróirí éagsúla sa cheantar a eagraíonn seisiúin marcaíochta capaill. Tá sé d’ádh againn sa cheantar tírdhreach álainn leithinis Uíbh Ráthaigh a bheith mar chúlra dá leithéid de chaitheamh aimsire. Is féidir dul ag marcaíocht ar an tráigh ar shuíomh an Atlantaigh Fhiáin. Is féidir teacht ar bhreis eolais ó na naisc seo a leanas: 

Ring of Kerry Equestrian Centre, Waterville: https://rokequestrian.wordpress.com/ 

Eagle Rock, Caherdaniel: https://www.eaglerockcentre.com/ 


An Rámhaíocht

Bain taitneamh as an uisce gléineach gorm anseo in Uíbh Ráthach trí bhallraíocht a thógaint le ceann de na clubanna rámhaíochta anseo. Tá ballraíocht ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta. I measc na gclubanna atá ag feidhmiú sa cheantar tá: Caherdaniel Rowing Club, Sive Rowing Club, Cahersiveen Rowing, Valentia Rowing, Cromane Rowing and Sneem Rowing Club. Eagraíonn South & Mid Kerry Rowing seacht rás regatta i gcaitheamh an tsamhraidh. Tá níos mó eolais ar fáil ag: https://www.facebook.com/South-and-Mid-Kerry-Rowing-1709876999281675/?ref=page_internal


Siúlóidí agus An Cnocadóireacht

Is iomaí bealach siúlóide atá i gceantar Uíbh Ráthaigh. Bain taitneamh as tírdhreach álainn sceirdiúil agus seas siar agus amharc ar na cnoic áille ársa a bhfuil a ndroim timpeallaithe ar an dúthaigh. Tá aitheantas ag gach bealach siúlóide ó Spórt Éireann. Tá cur síos beacht ar na bealaí siúlóide go léir ar shuíomh Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas: http://www.southkerry.ie/trails/ 


Iascaireacht

Is féidir taitneamh a bhaint as an iascaireacht anseo ar an leithinis idir an iascaireacht fharraige agus locha. Téir síos go Loch Luíoch nó am a chaitheamh le hais Bhá Naomh Fhionáin. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag: https://fishinginireland.info/sea/southwest/kerry/  


Turasanna Báid

Tá turasanna báid ar fáil ó sholáthróirí éagsúla in Uíbh Ráthach. Is féidir aithne ar leith a chur ar an gceantar trí am a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige. Is fiú go mór é!

Le teacht ar níos mó eolais faoi thurasanna báid sa cheantar, téir chuig: 

Ribtrips: https://www.activeme.ie/business-directory/ribtrips-derrynane-and-kenmare-bay-boat-trips-caherdaniel-ring-of-kerry-ireland-2/ 

Valentia Harbour Tours: http://www.valentiaharbourtours.com/ 

Skellig Michael Cruises: is féidir teacht ar na comhlachtaí éagsúla a eagraíonn turasanna báid amach go Sceilg Mhichíl trí chuardach a dhéanamh ar líne. 


1.jpg

Spórt Uisce: Tonnmharcaíocht, Cadhcáil agus Tumadóireacht

Láthair uathúil draíochtúil is ea ceantar Uíbh Ráthaigh do raon leathan gníomhaíochtaí uisce. Tá pacáistí agus féidearthachtaí éagsúla ann agus tá scata comhlachtaí ag feidhmiú sa cheantar a eagraíonn gníomhaíochtaí spóirt éagsúla, bíodh sé ar an bhfarraige agus ar loch. I measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn á n-eagrú go coitianta ar an leithinis tá: cadhcadóireacht uinill, surfáil, céaslóireacht, tumadóireacht, bádóireacht agus campaí uisce do pháistí. 


Sunfish Explorer Derrynane: http://sunfishexplorer.com/ 

Sea Synergy, Waterville: https://www.seasynergy.org/ 

Skellig Surf School: http://www.skelligsurf.com/ 

Paddle and Sea: http://www.paddleandsea.com/ 

Valentia Island Sea Sports: https://valentiaislandseasports.com/ 


Saol Slán agus Pobal Tacúil

Is ceantar ciúin síochánta é ceantar Uíbh Ráthaigh atá timpeallaithe ag tírdhreach álainn agus tá spiorad láidir pobail againn. Má tá caighdeán mhaireachtála ciúin agus réchúiseach uait nó má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach i bpobal gníomhach sóisialta, bainfidh tú an-tairbhe as cur fút anseo. Tá ardchaighdeán beatha ar fáil do gach aois in Uíbh Ráthach. Déantar cúram dár mbaill aosta sa phobal go háirithe trí thionscnaimh éagsúla pobail. Bíonn na cláir agus na gníomhaíochtaí seo á reáchtáil ag eagraíochtaí pobail.


Baile ‘n Sceilg (An Halla Pobail):

066 9479111 

Meals on Wheels ar fáil: Luan agus Déardaoin

Béilte san Ionad:  Gach Déardaoin; seirbhís bus ar fáil gach Déardaoin:  Local Link Kerry S245a 

Gníomhaíochtaí :  

Bíonn aoíanna éagsúla againn gach Déardaoin a dhéanann ceardlanna agus taispeántais  

Bingó agus aclaíocht gach Déardaoin chomh maith  

Ióga gach dara Déardaoin leis na haosaigh

Seirbhísí Neachtlainne – uaireanta oscailte: Luan go hAoine 9.30 – 4.00 (An Aoine go dtí 3.00) 

Cosliacht: Gach 4-6 seachtaine 

Gruagaire:   Gach Déardaoin 

Sciamheolaí agus Suathaireacht: Gach tríú Déardaoin 

Cathair Dónall (An Oifig Pobail): 087 9206667 

Meals on Wheels ar fáil: Máirt agus Aoine 

Béilte san Ionad: Gach Aoine; supper ar Chéadaoin amháin in aghaidh na míosa. Seirbhís bus ar fáil ar an gCéadaoin sin don supper agus ar an Aoine don dinnéar míosúil: Local Link Kerry S244a S244b 

Gníomhaíochtaí:  

Dhá uair in aghaidh na míosa; bingó agus aclaíocht, cainteoirí, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta  

Buaileann grúpa Aclaíochta gach dara Céadaoin do ghníomhaíochtaí, cainteanna agus turasanna.   

Cosliacht: Every two months  

Sciamheolaí: In house on occasion 

Turasanna Grúpa: To Kenmare once a month 

Banaltra: Attends one Friday per month. 

 

An Coireán (IRD Waterville): 066 9474366 

Meals on Wheels ar fáil: trí achainí ón mbanaltra pobail nó dochtúir 

Béilte san Ionad: Máirt amháin in aghaidh na míosa 

Gníomhaíochtaí:  Deireadh Fómhair go Mí an Mhárta: Aifreann, ceol agus aclaíocht bhog ag Teacht le Chéile in Tech Amergin 

Seirbhís Neachtlainne – uaireanta oscailte: Luan go hAoine 9.30 – 12.30 

An Dromod (Ionad Lae na Dromoda): 066 9474782 

Meals on Wheels ar fáil: Luan, Máirt, Céadaoin agus Déardaoin  

Béilte san Ionad: Gach Déardaoin, bus ar fáil: Local Link Kerry S248 

Gníomhaíochtaí: Aifreann ar an Déardaoin deireanach de gach mhí, bingó, aclaíocht, cluichí, ceol agus aoichainteoirí, ióga gach dara Déardaoin.  

Cosliacht: Gach dara mí 

Gruagaire: Gach Déardaoin 

Banaltra: ar fáil gach Máirt ag 12.00 

An Gleann (Ionad Lae an Ghleanna): 066 9479366 

Meals on Wheels ar fáil: Luan go hAoine 

Béilte san Ionad: Gach Máirt, bus ar fáil:  Local Link Kerry S246 

Gníomhaíochtaí: Gach Máirt - bingó, aclaíocht, ceardanna agus ealaíona, aoichainteoirí. Oíche Déardaoin Whist @ 9pm 

Seirbhís Neachtlainne – uaireanta oscailte, Luan go hAoine  9.00 – 5.00 (Aoine go dtí 3.00) 

Cosliacht: Gach ceithre seachtaine ar an Máirt 

Gruagaire: Gach trí seachtaine ar an Aoine 

Sciamheolaí: Gach trí seachtaine ar an Máirt 

Screen Shot 2020-11-06 at 2.20.04 pm.png

Leathanbhanda agus Nascacht

Tá roinnt soláthróirí seirbhíse leathanbhanda ag feidhmiú sa cheantar. Bíonn uasdátuithe rialta á ndéanamh ar an infreastruchtúr go háitiúil, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

 

Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne (https://nbi.ie/) chun teacht ar eolas cruinn maidir leis an gceangal fibre a bheidh ar fáil in áiteanna faoi leith sa cheantar nuair a bheidh an tionscadal náisiúnta seo curtha i gcrích. Tá eolas ar fáil maidir leis an gclúdach leathanbhanda atá ar fáil faoi láthair ón gcomhlacht áitiúil Ivertec (a chuireann luas suas le 150Mb/s ar fáil) ar a shuíomh gréasáin ag https://www.ivertec.ie/ Tá eolas i dtaobh na bpacáistí atá ag SCC Broadband ar fáil ó https://www.sccbroadband.ie/

 

Tá líon ar leith pointí nasctha leathanbhanda forbartha faoi choimirce Chomhairle Contae Chiarraí ag na láithreacha seo a leanas go háitiúil:

  • Cable Station, Knightstown, Oileán Dairbhre

  • Ionad Pobail Bhaile an tSéipéil, Oileán Dairbhre

  • Ionad Pobail agus Oidhreachta Stáisiúin Traenach Chuan na gCeall

  • Cillín Liath (Ionad Pobail na Dromoda)

 

Tá an pobal in ann úsáid a bhaint as an gceangal ag na láithreacha seo. Tá Údarás na Gaeltachta agus Forbairt na Dromoda, eagras forbartha pobail áitiúil, tar éis mol digiteach “gteic” (ionad spásanna oibre comhroinnte) a fhorbairt i gCillín Liath, áit ina bhfuil naoi dheasc oibre ar fáil do tréimhsí ama a oireann leatsa. Is féidir eolas breise a fháil nó áirithint a dhéanamh trí glaoch a chur ar 066 9474782 nó AnDromaid@gteic.ie.

Tá fáil ar “gteic” i mBaile ‘n Sceilg freisin, arna bhainistiú ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag 066-947888 nó BaileAnSceilig@gteic.ie chun eolas breise a fháil nó chun áirithint a dhéanamh.